All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesTee jotain planeettamme hyväksi, tulosta tämä sivu vain tarvittaessa. Pienikin teko voi vaikuttaa valtavasti, kun miljoonat ihmiset totetuttavat sen!
Press Release
Tuigtear anois go bhfuil an teicneolaíocht ann chun dul i ngleic le hiarmhairtí na hearnála iompair ar chomhshaol na hEorpa. Ach tá a lán feithiclí nach bhfuil glas in aon chor ag teacht chugainn ó na línte táirgthe, chomh maith leis sin, is fearr leis an earnáil lastais na modhanna iompair is lú éifeachtúlachta a úsáid agus fós níl córas comhaontaithe ag na cuideachtaí iarnróid trasna an AE ach oiread.
Ollamh Jacqueline McGlade, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an GCE
Leagtar amach na tátail sa tuarascáil 'Transport at a crossroads' [An Earnáil Iompair ag crosbhóthar], a lainseáladh inniu i bParlaimint na hEorpa ag an Ollamh Jacqueline McGlade, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an GCE, "Tuigtear anois go bhfuil an teicneolaíocht ann chun dul i ngleic le hiarmhairtí na hearnála iompair ar chomhshaol na hEorpa. Ach tá a lán feithiclí nach bhfuil glas in aon chor ag teacht chugainn ó na línte táirgthe, chomh maith leis sin, is fearr leis an earnáil lastais na modhanna iompair is lú éifeachtúlachta a úsáid agus fós níl córas comhaontaithe ag na cuideachtaí iarnróid trasna an AE ach oiread".
"Díreach nuair is gá dúinn dul i ngleic le fadhbanna geilleagair agus comhshaoil trí réitigh ghlasa inmharthana a fhorbairt, tá treochtaí na hearnála iompair ag dul sa treo mícheart; agus cuirfear le truailliú an aeir, le hastuithe méadaitheacha gáis cheaptha teasa chomh maith le hiarmhairtí comhshaoil diúltacha." a deir an tOllamh McGlade.
Is féidir le beartais atá deartha go cuí chun an t-éileamh iompair a bhainistiú, an méid tráchta a laghdú freisin. Chuirfeadh é sin feabhas ar éifeachtúlacht iompair an gheilleagair agus d’fhéadfadh sé an fás iompair agus an fás eacnamúil a dhíchúpláil. Deimhníonn an tuarascáil go bhfuil tionchar láidir ag costas ar na cinntí a dhéanann tomhaltóirí; méadaítear an t-éileamh ar sheirbhísí busanna faoi 20 % de réir gach méadú de 10% ar chostas breosla.
"Tá gá fós le cuspóirí soiléire, intomhaiste agus am-ghaolta chun astuithe gáis cheaptha teasa, astuithe aeir agus torann ó thrácht a laghdú. Thar aon rud eile, léirigh freagairt na dtomhaltóirí agus iad ag plé le praghsanna míshocra anuraidh, go bhfuil ról lárnach ag dolaí bóthair agus praghsanna breoslaí maidir leis an dul i ngleic le héileamh iompair." a deir an tOllamh McGlade.
Is foilseachán bliantúil í an tuarascáil 'An Earnáil Iompair ag crosbhóthar' ó Fhearas Tuairiscithe Iompair agus Comhshaoil (TERM) an GCE a dhéanann monatóireacht ar dhul chun cinn agus éifeachtúlacht na n-iarrachtaí chun straitéisí iompair agus comhshaoil a chomhtháthú. Foilsítear tuarascálacha TERM anois ón mbliain 2000 agus tugtar léirstiní tábhachtacha iontu a chabhraíonn go mór leis an bhforbairt de bheartais AE. Déanann an tuarascáil iarracht gach balltír de chuid an GCE a chlúdach.
Balltíortha an GCE: an Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an Íoslainn, Éire, an Iodáil, an Laitvia, Lichtinstéin, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Iorua, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an Spáinn, Poblacht na Slóvaice, an tSlóvéin, an tSualainn, an Eilvéis, an Tuirc, an Ríocht Aontaithe.
Tá an GCE lonnaithe i gCóbanhávan Tá sé mar aidhm ag an ngníomhaireacht cabhrú chun feabhsuithe suntasacha agus intomhaiste a bhaint amach i gcomhshaol na hEorpa tríd an soláthar de fhaisnéis atá tráthúil, spriocdhírithe, ábhartha agus iontaofa chuig lucht déanta beartas agus chuig an bpobal.
Òscar Romero Sanchez
Preasoifigeach
Teileafón: +45 3336 7207
Teileafón póca: +45 2368 3671
Gülçin Karadeniz
Preasoifigeach
Teileafón: +45 3336 7172
Teileafón póca: +45 2368 3653
[1] Astú bliantúil 2006 – Amharcóir sonraí gáis cheaptha teasa GCE - http://dataservice.eea.europa.eu/PivotApp/pivot.aspx?pivotid=455
For references, please go to https://eea.europa.eu./fi/pressroom/newsreleases/ni-mor-don-eoraip-beartas-iompair-a-stiuradh-sa-treo-ceart or scan the QR code.
PDF generated on lauantai 23. marraskuuta 2024, 03.40
Engineered by: EEA:n web-tiimi
Software updated on 26 September 2023 08:13 from version 23.8.18
Software version: EEA Plone KGS 23.9.14
tallenna toimenpiteet
Jaa muiden kanssa