All official European Union website addresses are in the europa.eu domain.
See all EU institutions and bodiesDo something for our planet, print this page only if needed. Even a small action can make an enormous difference when millions of people do it!
Caithfear i bhfad níos mó a dhéanamh ná feabhsúcháin imcriminteacha ar éifeachtúlacht. Seachas sin, caithfear athrú fadtéarmach, domhain a dhéanamh ar chleachtais, beartais agus dearcthaí, agus beidh eolas nua ag teastáil chuige sin. Caithfear fáil réidh leis an gcur chuige gearrthéarmach sa saol polaitiúil agus eacnamaíoch, agus dul i muinín cur chuige fadtéarmach, comhtháite, domhanda.
Leis an éileamh ar bhunathrú ar chórais sochaithe na hEorpa, léirítear go bhfuiltear ag aithint an méid athraithe a theastaíonn chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach a chinntiú, agus a shistéamaí is atá an dúshlán. Tá ualach méadaitheach á chur ar éiceachórais le mórthreochtaí domhanda ar nós leathnú patrún tomhaltais an iarthair ar fud an domhain. Ní féidir an fás atá beartaithe sa gheilleagar domhanda agus teorainneacha comhshaoil a thabhairt chun réitigh mura ndéantar athrú bunúsach ar na príomhchórais táirgeachta agus tomhaltais. Ach is iomaí constaic chun an t-athrú sin a chur i bhfeidhm, mar go bhfuil na córais is cúis le cuid mhór den bhrú comhshaoil ceangailte ar bhealaí casta le tairbhí agus leasanna ar nós post, infheistíochtaí, stíleanna maireachtála agus luachanna. Dá bhrí sin, is dócha go mbeidh comhréitigh chasta éiginnte mar thoradh ar aon idirghabháil, agus go mbeidh an lucht ata thíos leis á chur ina choinne.
Tá méadú mór ag teacht ar an taighde sa réimse seo, mar fhreagairt ar na fórsaí domhanda atá ag éileamh athrú, tréithe agus feidhmiú na gcroíchóras, agus na próisis agus bearta rialachais a d’fhéadfadh athrú sistéamach a spreagadh agus a stiúradh. Leagtar béim sa taighde ní hamháin ar theicneolaíochtaí nuálacha, ach ar chleachtais agus iompar nua chomh maith, bunaithe ar athrú ar chreidimh agus luachanna. I bhfianaise castacht agus éiginnteacht aon athrú sistéamach, is gá meascán beartas a dhearadh go cúramach, agus stíleanna rialachais oscailte agus in-oiriúnaithe a ghlacadh. Agus muid ag aithint go bhfuil mórán den saineolas a theastaíonn chun dul i ngleic le dúshláin chasta an 21ú haois scaipthe ar fud na sochaí, is minic a chaithfidh rialtais dul i gcomhar le gnóthais agus an tsochaí shibhialta mar chomhpháirtithe gníomhacha.
Áirítear leis an Seachtú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil an fhís go mbeimid
‘ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid in 2050’.
Faoi mar a leagtar amach ansin agus i mbeartais eile AE, beidh athruithe cuimsitheacha ar na córais táirgeachta agus tomhaltais ag teastáil chuige sin. Mar shampla, sa Treochlár do Gheilleagar Ísealcharbóin leagtar síos sprioc chun laghdú de 80% a dhéanamh ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa san AE faoi 2050, agus sa Straitéis um Gheilleagar Ciorclach dírítear ar mhórfheabhsúcháin a dhéanamh ar laghdú agus bainistíocht dramhaíola faoi 2030. Ar an leibhéal domhanda, cuireann Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe spriocanna ar fáil lena dtugtar aghaidh ar ghnéithe socheacnamaíocha agus comhshaoil na hinbhuanaitheachta.
Tá an EEA ag tabhairt aghaidh ar cheist an athraithe i dtreo inbhuanaitheachta ar scálaí éagsúla ag úsáid meascán de chineálacha cur chuige anailísíocha. Áirítear leis an obair sin:
Líonra Taighde ar Theorainneacha an Phláinéid
For references, please go to https://eea.europa.eu./themes/athru-i-dtreo-na-hinbhuanaitheachta/intro or scan the QR code.
PDF generated on 22 Nov 2024, 08:16 PM
Engineered by: EEA Web Team
Software updated on 26 September 2023 08:13 from version 23.8.18
Software version: EEA Plone KGS 23.9.14
Document Actions
Share with others